Speeches By President Of Ireland, Michael D. Higgins
Teachaireacht na Nollag agus na hAthbhliana ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn 2019
- Autor: Vários
- Narrador: Vários
- Editor: Podcast
- Duración: 0:04:29
- Mas informaciones
Informações:
Sinopsis
Ba mhaith liom, mar Uachtarán na hÉireann, mo bheannachtaí ó chroí a sheoladh chugaibh. Guím Nollaig Shona agus Bliain Nua shíochánta oraibh uilig. Agus muid ag trasnú thar Ghrianstad an Gheimhridh, is am dhóchais é an Nollag agus muid ag súil anois le síneadh sna laethanta atá romhainn. Ag an am seo, nach cóir dúinn smaoineamh ar scéal lárnach na Nollag, scéal Mhuire agus Sheosaimh agus iad ag lorg dídine i mBeithil dóibh féin agus dá leanbh sa bhroinn. Dúradh arís is arís eile leo nach raibh aon lóistín ar fáil dóibh. Anseo in Éirinn, tá stair fhada na himirce, na gluaiseachta, na n-aistear fágála agus deoraíochta againn. Inniu, táimid bródúil as an méid atá á dhéanamh ag an diaspóra do chultúr agus do shaol a mbailte nua. Ach cuimhnímid chomh maith ar na hÉireannaigh sin atá b'fhéidir in ísle brí, iad i bhfad ón áit is dual dóibh, óna muintir, agus, b’fhéidir, iad cráite ag an tráth seo. Ní mór dúinn smaoineamh orthu, agus ní le linn na Nollag amháin. Ba mhór an tábhacht a bhain leis an gcú